Sam Smàlaidh
| Fireman Sam agus Sam Tân | |
|---|---|
| Seánra | teilifís oideachasúil agus sraith theilifíse do pháistí | 
| Suíomh scéalaíochta | an Bhreatain Bheag | 
| Láithreoir(í) | John Alderton | 
| Cuideachta léiriúcháin | Bumper Films (en)  | 
| Tír | an Ríocht Aontaithe | 
| Teanga | an Bhreatnais agus Béarla | 
| Bealach teilifíse | S4C, Cartoonito, ANS TV agus Channel 5 | 
| Fad na n-eipeasóidí | 10 min | 
| An chéad eipeasóid | 17 Samhain 1987 | 
| Líon séasúr | 15 | 
| Líon eipeasóidí | 304 | 
| Liosta eipeasóidí | list of Fireman Sam episodes (en)  | 
| Tuilleadh eolais | |
Clár teilifíse do pháistí ar S4C agus BBC is ea Sam Smàlaidh nó Sam an fear tine nó Sam an fear dóiteáin (Breatnais: Sam Tân, Béarla: Fireman Sam). Tá clú agus cáil air i measc na n-óg[1].

Na carachtair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an tsraith suite sa bhaile ficseanach Pontypandy, sa Bhreatain Bheag. Meascán de na hainmneacha Pontypridd agus Tonypandy atá ann, dhá bhaile atá suite timpeall 5 mhíle óna chéile sa Bhreatain Bheag Theas.
Is fear beag dóiteáin é Sam. Is as an Pontypandy é. Labhraíonn Sam Breatnais, teanga na Breataine Bige.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Scríobh Rob Lee an tsraith bunaithe ar choincheap ag Dave Gingell agus Dave Jones, fir dhóiteáin as Sasana. Ar dtús, bhí Sam Tân le feiceáil ar theilifís Breatnaise S4C i 1985 agus tar éis sin i mBéarla ar BBC1 i 1987.

Gnó
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá na cláir theilifíse le fáil i 155 tír agus i 36 teanga eile freisin, an Béarla ina measc. Tá os cionn aon mhilliún DVD de chuid Sam díolta ar fud an domhain go dtí seo (2017 dar le ELeathanach).
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ELeathanach 277, 20 Samhain 2017