Rhiwallon ap Cynfyn
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 1025 |
| Bás | 1070 44/45 bliana d'aois |
| Siocair bháis | Bás i gcath |
| Rí | |
| | |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | monarc |
| Teaghlach | |
| Páiste | Gladys Powys, Jonet ferch Rhiwallon ap Cynfyn |
| Athair | Cynfyn ap Gwerstan agus Angharad ferch Maredudd |
| Siblín | Bleddyn ap Cynfyn agus Gruffydd ap Llywelyn |
Bhí Rhiwallon ap Cynfyn ( 1025 ? -1070 ) ina rí ar Gwynedd agus ar Phowys i gcomhpháirt lena dheartháir Bleddyn .
Beathaisnéis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba mhac le Cynfyn ap Gwerstan, rí Powys, ab ea Rhiwallon. Sa bhliain 1063 tar éis do Harold Godwinson an lámh in uachtar a fháil ar Gruffydd ap Llywelyn, agus tar éis dá chuid fear féin é a mharú, fuair Rhiwallon agus Bleddyn ríocht Gwynedd ó Harold.
Trí bliana ina dhiaidh sin, mharaigh na Normannaigh Harold ag Cath Hastings, agus roimh i bhfad bhí siad ar theorainneacha na Breataine Bige. Chuaigh Rhiwallon agus Bleddyn i bpáirt le Mercia chun na Normannaigh a ionsaí.
Sa bhliain 1070 rinne beirt mhac Gruffydd ap Llywelyn iarracht an ríocht a thógáil ón mbeirt dheartháir. I gcath Mechain an bhliain sin, maraíodh beirt mhac Gruffydd, ach maraíodh Rhiwallon freisin, rud a d'fhág Bleddyn i gceannas ar Gwynedd agus Phowys .