Jump to content

Modal Young

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí Méid FisiciúilModal Young
Cineáldlí na fisice Cuir in eagar ar Wikidata
Aonad SIpascal, newton per square metre (en) Aistrigh agus kilogram per metre square second (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirmle Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe i dtagairt doThomas Young Cuir in eagar ar Wikidata


Claonadh an ghraif nuair a tharraingítear graf den strus inteannta i bpascail (Pa), i gcoinne na straidhne inteannta (fadú, roinnte ar an mbunfhad) ina chodáin, i gcás barra nó sreinge atá faoi theannas nó comhbhrú líneach. Úsáidtear an tsiombail E dó, agus in aonaid Pa a thomhaistear é. Ainm eile air is ea an modal leaisteachais. Ciallaíonn luach ard E gur deacair an t-ábhar a shíneadh agus gur ábhar docht é. Luach timpeall 2 × 1011 Pa a bhíonn ag cruach, agus timpeall 0.1 × 1011 ag adhmad ar feadh an tsnáithe. Ainmnithe as Thomas Young.[1]

  1. Hussey, Matt (2011). "Modal Young". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 708.