Elijah Muhammad
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | (en-us) Elijah Poole 7 Deireadh Fómhair 1897 Sandersville, Georgia |
| Bás | 25 Feabhra 1975 77 bliana d'aois Chicago, Illinois |
| Siocair bháis | Bás nádúrtha |
| Áit adhlactha | Mount Glenwood Memory Gardens (South) (en) |
| Faisnéis phearsanta | |
| Grúpa eitneach | Meiriceánaigh Afracacha |
| Reiligiún | Náisiún Ioslam |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | ministir Moslamach, polaiteoir, ceannaire reiligiúnach |
| Teaghlach | |
| Céile | Clara Muhammad |
| Páiste | Warith Deen Mohammed |
Ceannaire Náisiún Ioslam ab ea Elijah Muhammad a rugadh leis an ainm Elijah Robert Poole ar an 7 Deireadh Fómhair, 1897 i Sandersville, Georgia agus a fuair bás ar an 25 Feabhra, 1975. Bhí tionchar nach beag ag Elijah Muhammad ar dheisceabail eile amhail Malcolm X, Louis Farrakhan, Muhammad Ali agus a mhac Warith Deen Mohammed.
Bhí Elijah Muhammad ar duine de thriúr dhéag clainne a saolaíodh i mbochtanas i ndeisceart na tíre. Seanmóirí agus feirmeoir ab ea a athair William Poole Sr. (1868–1942) agus bean tí ab ea a mháthair Mariah Hall (1873–1958). Bhí cúrsaí eacnamaíochta agus fostaíochta thar a bheith géar sa chuid sin den tír — do dhaoine gorma go háirithe — agus thugadar aghaidh ar na cathracha móra ó thuaidh chun a gcuid a fheabhsú. Shocraíodar in Hamtramck, Michigan agus an Spealadh Mór fós i mbarr a réime.
Agus é i mbun oibre in Detroit fuair Elijah Muhammad an chéad bhlas d'Ioslam ag cruinniú i mí Lúnasa na bliana 1931.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |