Corvidae
Cuma
Scréachóg ghorm | |
| Tacsanomaíocht | |
|---|---|
| Aicme | Aves |
| Ord | Passeriformes |
| Forfhine | Corvoidea |
| Fine | Corvidae Linnaeus |
| Léarscáil de raon an tacsóin | |
Is fine iltíreach é Corvidae d'éin pasaireacha oscineacha ina bhfuil na préacháin, na fiacha, na rúcaigh, na cága, na scréachóga, na snaganna breaca, Crypsirininae, Pyrrhocorax, agus Nucifraga. Tugtar coirbhideach[1] ar bhall den fhine seo i nGaeilge.
Faoi láthair tá 133 speiceas san áireamh san fhine seo. Cuimsíonn an géineas Corvus, lena n-áirítear na cága, na préacháin, na rúcaigh, agus na fiacha, níos mó ná an tríú cuid den bhfine ar fad. Is iad na coirbhidigh na pasairigh is mó.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Corvidae” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.